Meas Grupa TimpeaIlachta Gort a' Choirce, Iar-Thuaisceart - Environment Group, North West Ireland

Ná caith bruscar

Ná caith bruscar / Don't throw Rubbish - appeal by Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste Campaign, Ireland, Éire
Tá an grúpa comhshaoil MEAS Iarthuaisceart ag iarraidh ar mhuintir na tíre seo níos mó freagracht a ghlacadh agus gan a bheith ag caitheamh bruscar amach ar fhuinneogaí gluaisteáin. Tá an taobh tíre agus bealtaí na tíre ag amharc uafásach le blianta beaga anuas cionnas an t-aineolas a bhíonn ag daoine fá fadhb na dramhíola. An ndéan tú seo i do theach féin sa bhaile? Tá go leor laetha glantacháin eagraithe againn le bliain déag anuas agus go leor bruscar tógtha idir buidéil plaisteach, cannaí, pacáistiú ó bhialanna, pacáistiú bídh eile, buidéil gloine, clúidíní, coiscíní, boscaí agus boinn toitíní, sean chomharthaí de chuid na comhairle contae agus go leor eile. Níl sé maith go leor a bheith i do shuí ag gearán fán fhadhb seo. Tá sé in am dúinn uilig, le chéile, rud inteacht a dhéanamh faoi agus ba cheart toiseacht le do chuid bruscar féin a thabhairt 'na bhaile nó a chur i mbosca bruscair má bhíonn ceann ar fáil in áit a bheith ag caitheamh ábhair amach ar fhuinneogaí gluaisteáin. Tá muid mar chine daona níos stuama ná sin agus seo anois an t-am leana chruthú.


The environment group MEAS Iarthuaisceart are asking the people of the country to take more responsibility and not to be throwing rubbish out of the windows of motor vehicles. The countryside and the roads of the country are looking terrible this past few years due to the ignorance of people towards the problem of waste. Do you do this in your own house? We have organised many roadside cleanups and lifted a lot of rubbish over the past 11 years from plastic bottles, cans, takeaway packaging, other food packaging, glass bottles, nappies, condoms, cigarette boxes and butts, old county council signage among a lot of other things. Its not good enough to sit and complain about this problem. Its time that we all, together, do something about it and you need to start by taking your own rubbish home or placing it in a bin if one is available instead of throwing items out of the windows of vehicles. As a human race we are more mature than this and now is the time to prove it.