Meas Grupa TimpeaIlachta Gort a' Choirce, Iar-Thuaisceart - Environment Group, North West Ireland

In Éadan Athrú Aeráide 2015

Éadan Athrú Aeráide 2015, Meas Iarthuaisceart, Gort a' Choirce, Co. Dhún na nGall, Éire
Éadan Athrú Aeráide 2015, Meas Iarthuaisceart, Gort a' Choirce, Co. Dhún na nGall, Éire
I mbéal na doininne, agus sléibhte Dhoire Bheatha sa chúlra, bheir Mary Attenborough agus Cordelia Nic Fhearraigh ón grúpa comhshaoil Meas Iarthuaisceart, a bunaíodh i nGort a’ Choirce sa bhliain 2002, tacaíocht don ghluaiseacht domhanda in éadan Athrú Aeráide a tharla ar an Domhnach 29ú Samhain 2015. Ar an lá úd sin, sheas na mílte daoine ar fud an domhain le chéile chun aird a tharraingt ar géarchéim an chéid seo, sé sin, athrú aeráide agus téamh domhanda. Ainneoin stoirm Clódach ag réabadh na tíre tháing na mílte daoine amach i gcathracha na hÉireann leis an teachtaireacht tábhachtach a thabhairt do pholaiteoirí, go bhfuil an t-am ag éirí gairid, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Comhdháil Aeráide na Náisiúin Aontaithe (COP21) a bheas ar siúl i bPáras ón 30ú Samhain go dtí’n 11 Nollaig 2015. Beidh ceannairí stát agus rialtais ó 147 tír (25,000 oifigeach ina iomláine) ag teacht le chéile ag an comhdháil seo chun réiteach a shocrú leis an téamh domhanda a theorannú go 2oC. Insíonn an eolaíocht dúinn go bhfuil baint mhór ag astaíochtaí gás ceaptha teasa (greenhouse gas emissions) leis an téamh domhanda agus leis an aimsear mínádúrtha, atá ag tarlú go minic anois ar fud an domhain, agus, má tá muid chun an pláinéad a chaomhnú do na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh, go bhfuil géarghá le gearradh siar ar dóadh breoslaí iontaise (fossil fuels) agus go gcaithfear an carbón a choinneáil sa talamh. Níl againn ach an pláinéad amháin. Níl pláinéad B ar bith ann.