Meas Grupa TimpeaIlachta Gort a' Choirce, Iar-Thuaisceart - Environment Group, North West Ireland

An Baile Fearainn is Glaine 2013

Úna Mhic Géidigh as Caiseal na gCorr, Cordelia Nic Fhearraigh as MEAS Iarthuaisceart leis an crann darach a bhí bronnta mar dhuais
Comhghairdeas le Caiseal na gCorr a bhain an comórtas don 'Baile Fearainn is Glaine' ag Féile Ghort a' Choirce i mbliana. Rinne an grúpa comhshaoil MEAS Iarthuaisceart an moltóireacht ar na bailte fearainn uilig sa pharóiste agus bhronn siad teastas beag agus duais de chrann darach ar na buaiteoirí ag damhsa na féile in Óstán Loch Altan ar an Domhnach 28ú Iúil. Buíochas mór le achan duine atá ag déanamh iarracht a mbailte fearainn féin a choinneáil néata glan agus ádh mór leis an féile i 2014!

Sa ghriangraf; Úna Mhic Géidigh as Caiseal na gCorr, Cordelia Nic Fhearraigh as MEAS Iarthuaisceart leis an crann darach a bhí bronnta mar dhuais.